An méid a dhéanaimid a riáláil agus mar a dhéanaimid é a rialáil
Na nithe a rialaímid
- Cógais don duine
- Cógais tréidliachta
- Feistí leighis lena n-úsáid ag an duine
- Trialacha cliniciúla
- Fuil agus comhábhair fola
- Fíochán agus ceall daonna
- Orgáin daonna don trasphlandú
- Substaintí rialaithe
- Cosmaidí
- Ainmhithe a úsáid chun críche eolaíochta
Mar a rialaímid
- Déanaimid cigireacht ar chuideachtaí agus ar shaoráidía thástálann, a dhéanann nó a dháileann táirgí sláinte lena chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin agus reachtaíocht ábhartha.
- Bronnaimid ceadúnais do chuideachtaí chun leigheasanna a dhéanamh, a dháileadh agus chun margaíocht a dhéanamh orthu i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar a sábháilteacht, ar a gcáilíocht agus ar a n-éifeachtacht.
- Déanaimid monatóireacht leanúnach ar chógais, feistí leighis agus táirgí sláinte eile, aon ábhar imní maidir le sábháilteacht nó maidir le cáilíocht a fhreagairt.
- Cuirimid faisnéis maidir le sábháilteacht agus maidir le cáilíocht i dtoll a chéile chun tacú le húsáid shábháilte táirgí leighis.