Skip to Content

Plean Straitéiseach

Ag cur torthaí níos fearr ar fáil d’othair trí tháirgí sláinte a rialáil go comhoibríoch

Leagtar amach i bPlean Straitéiseach 2021-2025 an uaillmhian atá againn torthaí níos fearr a bhaint amach do dhaoine agus d’ainmhithe trí rialáil agus agus comhpháirtíochtaí a bhfuil luach leo.  Chun an Plean Straitéiseach a léamh ina iomláine, íoslódáil thíos é. 

Plean Straitéiseach 2021 – 2025 PDF : 7191 KB | 01/06/2021
Icon to illustrate the strategic goal of health system partnerships

Comhpháirtíochtaí sna córais sláinte

Ár gcomhoibrithe i ngach réimse den chóras sláinte a neartú

  • Dul i ngleic leis na dúshláin agus leis na tosaíochtaí maidir le sláinte phoiblí atá ann faoi láthair agus na cinn atá ag teacht chun cinn
  • Cur le ról an HPRA, mar chomhpháirtí agus mar rannpháirtí laistigh den chóras sláinte, chun an toradh is fearr a bhaint amach maidir le húsáid shábháilte agus éifeachtach táirgí sláinte
  • Feabhas a chur le córais náisiúnta chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar tháirgí sláinte ainmhithe agus ar úsáid ainmhithe chun críocha eolaíochta
Icon to illustrate the strategic goal of progressive regulation

Rialáil fhorásach

An úsáid a mbainimid as ár gcur chuige comhréireach agus oiriúnaitheach chun torthaí níos fearr a bhaint amach d’othair

  • An leas is fearr is féidir a bhaint as reachtaíocht nua chun feabhas a chur ar rialáil tháirgí sláinte

  • Úsáid cuir chuige bunaithe ar riosca maidir le rialáil a neartú

  • Aghaidh a thabhairt ar an tionscal domhandaithe agus ar na margaí

Icon to illustrate the strategic goal of communication and engagement

Cumarsáid agus rannpháirtíocht

Ár múnlaí maidir le rannpháirtíocht a fheabhsú d’fhonn trust agus muinín an phobail a neartú

  • Dul i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara chun feabhais i mbearta rialála a chur chun cinn
  • Trust sa chóras rialála a neartú trí thrédhearcacht agus trí shoiléireacht níos fearr
  • Tuilleadh forbartha ar acmhainní faisnéise agus ar ardáin chumarsáide

Icon to illustrate the strategic goal of enabling innovation

Nuálaíocht a chumasú

Ár gcuid tacaíochtaí do nuálaíocht ó haimsiú go dtí ceadú rialála

  • Cur chuige sofhreagrúil maidir le rialáil chuí ar nuálaíochtaí a chur chun cinn
  • Cur le taighde in Éirinn trí fhor-rochtain agus trí dhul i mbun rannpháirtíochta
  • Tús áite a thabhairt do réimsí nuálaíochta maidir le forbairt na heagraíochta

Icon to illustrate the strategic goal of great people, great processes

Foireann den scoth, próisis den scoth

Ár n-eagraíocht agus ár bhfoireann a fhorbairt chun ár n-aidhmeanna a bhaint amach go rathúil

  • Ár bhfoireann a fhorbairt agus a cumhachtú chun go n-éireoidh go maith leo
  • Éifeachtacht na heagraíochta a fheabhsú trí leas níos fearr agus níos leithne a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha
  • Bealaí oibre níos fearr a chruthú don eagraíocht, dá páirtithe leasmhara agus don chomhshaol
  • Cobhsaíocht airgeadais agus cumas freastal ar riachtanais na heagraíochta amach anseo a chinntiú